martes, 27 de octubre de 2026
PressDato

Stádas agus sceitimíní na nGradam Cumarsáide

Tecnología
The Irish Times · Irlanda · Prensahace 5 horas

Oíche amárach i gCill Airne bronnfar Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2026 ag searmanas a thionóltar go speisialta chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ardchaighdeán agus ar an tsárobair atá curtha i gcrích in earnáil na meán Gaeilge i rith na bliana. Is ócáid í seo atá ar cheann de mhórócáidí Oireachtas na Samhna. San iomlán tá 13 chatagóir ar chlár na nGradam Cumarsáide. Gan amhras beidh stiúrthóirí clár, láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifíse i gcoitinne, go bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla meán le dhá mhí dhéag anuas ar son na teanga, ag tabhairt aird ar thorthaí na hoíche.Pé duine a bhuann na gradaim seo, bronnann ainmniúchán ar an ngearrliosta aitheantas tábhachtach orthu féin, ar na hardáin Ghaeilge agus ar na stáisiúin ar fad a bhíonn ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla ach a thugann tacaíocht don teanga, a…